gaeilge iorrais

Click here for English language version.

De réir Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh chuile phobal Gaeltachta plean teanga a réiteach agus a chur i bhfeidhm chun tacú le húsáid na Gaeilge ina cheantar. Mura ndéantar é seo, tá baol ann go gcaillfear a stádas Gaeltachta. In áit limistéir thíreolaíochta amháin, cuireann an reachtaíocht úr béim ar rogha an phobail chun cinneadh a dhéanamh (i) an bhfuil an pobal ag iarraidh a stádas Gaeltachta a choinneáil agus (ii) má tá, an bhfuil an pobal sásta plean Gaeilge a réiteach agus a chur i bhfeidhm don cheantar agus spriocanna teanga a bhaint amach.

Tá Gaeilge Iorrais freagrach as an bpróiseas seo a stiúradh i limistéar Mhaigh Eo Thuaidh, i gcomhar le pobail áitiúla agus páirtithe leasmhara. Tá cónaí ar 7,199 duine nó c.70% de dhaonra na Gaeltachta i Maigh Eo sa cheantar fairsing seo (584.43km², an LPT is mó i dtaobh achar talún de), a shíneann ón bhFód Dubh go Béal Deirg, ó Cheathrú Thaidhg go Dumha Thuama agus chuile áit idir eatarthu. Ceapadh an Dr Laoise Ní Dhúda mar chomhairleoir pleanála teanga neamhspleách chun an obair seo a chomhordú.

Tháinig Gaeilge Iorrais le chéile don chéad uair i mí an Mheithimh 2015 faoi stiúir Ní Dhúda chun tosú ag breathnú ar an bpróiseas pleanála teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta i limistéar Mhaigh Eo Thuaidh. Ba í seo an chéad uair go raibh rannpháirtíocht leathan agus comhoibriú éifeachtach idir eagraíochtaí agus idir paróistí ar aon choiste amháin agus ar mhaithe le cúrsaí pleanála teanga sa limistéar seo.

Bhí dhá chuid i gceist leis an obair phleanála go nuige seo (i) taighde a dhéanamh chun staid reatha na Gaeilge a mheas i Maigh Eo Thuaidh (ii) plean teanga a réiteach a bheadh in oiriúint go sonrach don limistéar, bunaithe ar thorthaí an taighde sin. Plean teanga seacht mbliana (2018-2024) de chuid an phobail atá mar thoradh, a bhfuil mar sprioc aige cur le cumas daoine sa Ghaeilge agus le húsáid na Gaeilge sa chóras oideachais, in imeachtaí don óige, sa teaghlach, mar chuid de seirbhísí poiblí, tráchtála, sóisialta agus siamsaíochta.

Tá stádas Gaeltachta Mhaigh Eo Thuaidh ag brath ar fheidhmiú éifeachtach an phlean seo, seachas ar limistéir gheografacha amháin, mar a bhí go dtí seo. Tionscadal fíorthábhachtach atá sa phróiseas agus sa phlean teanga seo do phobal uile Mhaigh Eo Thuaidh, mar sin.

Eascraíonn an plean seo ón taighde sochtheangeolaíochta is mó agus is cuimsithí a rinneadh riamh i nGaeltacht thuaisceart Mhaigh Eo, ar chumas sa Ghaeilge, úsáid na Gaeilge, dearcthaí i leith na Gaeilge agus moltaí do thodhchaí na Gaeilge sa limistéar. Ghlac c.1,600 duine (22% de dhaonra an limistéir) páirt sa taighde seo, a cuireadh i gcrích le linn 2016-2017 agus a bhfuil ceithre mhórchuid ag roinnt leis, eadhon; (i) dianscrúdú ar staitisticí Daonáireamh agus ar thaighde ábhartha eile (ii) suirbhé pobail (ar pháipéar) le sampla randamach den daonra (iii) suirbhéireacht shonraithe le spriocghrúpaí áirithe (ar-líne) (iv) comhairliúchán forleathan leis an bpobal trí chéile. Tá moladh mór ag dul do na daoine deonacha agus rannpháirtithe roinnt scéimeanna a chuidigh le suirbhéanna a dháileadh, chomh maith le gach duine a ghlac páirt sa taighde trí chéile.

Iarracht ar réiteach chun teacht roimh na dúshláin atá sa phlean seo. Moltar bealaí seiftiúla chun an bhearna idir na dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge, cumas sa Ghaeilge agus úsáid a bhaint aisti a dhruid, trí dheiseanna soiléire úsáide Gaeilge a chruthú agus a chothú. Chuige sin, leagtar amach 34 beart in 11 réimse difriúil mar chuid den phlean teanga. Beidh maoiniú ceart, acmhainní daonna cuí, rannpháirtíocht ghníomhach an phobail agus na n-údarás ag teastáil chun an plean a fheidhmiú go héifeachtach agus na spriocanna a chomhlíonadh. Teastaíonn cur chuige forásach, córasach, seasmhach, thar a bheith fadradharcach, chomh maith le struchtúr láidir tacaíochta, misneach, foighne agus obair leanúnach chun dlús a chur faoin bpróiseas seo.

Ceapadh an Dr Laoise Ní Dhúda mar oifigeach pleanála teanga i 2019 chun tús a chur le feidhmiú an phlean teanga seacht mbliana do Ghaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh.

Tá mar fhís ag Gaeilge Iorrais, i gcomhar le muintir na háite agus le heagraíochtaí áitiúla, úsáid laethúil agus eolas ar an nGaeilge a chothú agus a mhéadú i Maigh Eo Thuaidh de réir a chéile agus mar sprioc shonrach acu (i) nach dtiocfaidh aon laghdú eile ar chroístaitisticí teanga an limistéir i nDaonáireamh 2021 (i dtaca le cumas agus úsáid na Gaeilge) (ii) ach go dtiocfaidh feabhas (c.3%) ar na croístaitisticí sin faoi Dhaonáireamh 2026 .i. méadú c.3% ar líon na ndaoine le cumas sa Ghaeilge i Maigh Eo Thuaidh agus ardú c.3% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais i Maigh Eo Thuaidh.

Tugann an próiseas seo deis iontach dúinn bonn níos láidre a chur faoin nGaeilge sa cheantar agus chun cur le todhchaí na Gaeilge ann ar bhealach rannpháirteach agus comhordaithe. Is féidir linn an t-uafás a bhaint amach má sheasann muid le chéile ar son na Gaeilge.

 

Níl cead ag aon duine aon ábhar a thógáil ón suíomh seo gan cead a fháil ó Ghaeilge Iorrais roimh ré.