Gaeilge Iorrais: Who are we & what do we do?
Tá seisear ionadaithe ón gcúig pharóiste eaglasta sa limistéar ar choiste stiúrtha na ceanneagraíochta faoi láthair. Tá ionadaíocht ag sé eagraíocht pobalbhunaithe ó pharóistí éagsúla an limistéir ar an gcoiste stiúrtha go dtí seo. Tá vóta amháin ag gach eagraíocht ar an gcoiste stiúrtha. Seo í an chéad uair go bhfuil rannpháirtíocht leathan agus comhoibriú éifeachtach idir eagraíochtaí agus idir paróistí ar aon choiste amháin agus ar mhaithe le cúrsaí pleanála teanga sa limistéar seo. Léirítear comhdhéanamh reatha na n-oifigeach ar an gcoiste stiúrtha sa tábla seo a leanas:
Coiste stiúrtha Gaeilge Iorrais (2019)
Ainm | Ról Ainmnithe | Eagraíocht | Ceantar Feidhme | |
1 | Ciarán Ó Broin | Cathaoirleach | Seirbhísí Cúram Chill Chomáin | Paróiste Chill Chomáin |
2 | Treasa Ní Ghearraigh | Rúnaí | Comhar Dún Chaocháin Teo | Paróiste Chill Chomáin |
3 | Deaglán Mac Conghamhna | Rúnaí cúnta | Coiste Gaeilge Bhéal Deirg | Béal Deirg |
4 | Tina Nic Eafartaigh | Cisteoir | Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim | Paróiste na Cille Móire |
5 | Ian Mac Aindriú | Ball coiste | Áras Inis Gluaire | Paróiste Bhéal an Mhuirthead |
6 | Eimear Nic Thámhais | Ball coiste | Comharchumann Forbartha Cill tSéadhna | Paróiste Chill tSéadhna |
Ráiteas ón gCoiste (2018) anseo
A Statement from the Committee (2018) can be read HERE
Tá an coiste stiúrtha seo freagrach as an bpróiseas pleanála teanga a stiúradh sa limistéar, i bpáirt leis an bpobal agus páirtithe leasmhara, faoi mar atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta 2012. Tá an coiste seo ag plé le feidhmiú an phlean teanga seacht mbliana do Ghaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh. Caithfear fóram tacaíochta d’fhochoistí a bhunú fós, chun ualach na hoibre a roinnt agus chun breis rannpháirtíochta ón bpobal a chothú sa phróiseas. Tá buíochas ag dul d’iarbhaill an choiste seo, Jacqui D. Uí Mhonacháin, Annette Ní Ghallachóir agus Kathleen Doocey.
Tá Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim ag feidhmiú mar chomhlacht óstach don cheanneagraíocht, a chiallaíonn go bhfuil Gaeilge Iorrais mar choiste stiúrtha neamhspleách de chuid CFID, ar mhaithe le cúrsaí cánacha agus cuntasaíochta ach go háirithe.
Tháinig an grúpa seo le chéile ar bhonn deonach don chéad uair i mí an Mheithimh 2015 faoi stiúir chomhairleoir pleanála teanga (Ní Dhúda) chun tosú ag breathnú ar an bpróiseas pleanála teanga i limistéar Mhaigh Eo Thuaidh. Mar shampla, bhí 10 gcruinniú ag an ngrúpa i 2015, 8 gcruinniú eile i 2016 agus 15 cruinniú i 2017.
D’eagraigh an grúpa ollchruinniú poiblí ag 8i.n. ar an 4 Samhain 2015 in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead. Rinneadh fógraíocht fhorleathan faoin gcruinniú seo. Tugadh cuireadh oscailte do gach duine agus gach coiste sa limistéar freastal ar an ócáid. D’fhreastail os cionn 100 duine ar an gcruinniú eolais seo agus thacaigh gach duine leis an ngrúpa ar an oíche. Rinne an grúpa iarratas le bheith aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga sna sála ar an tacaíocht sin agus thug an grúpa ‘Gaeilge Iorrais’ orthu féin ag an bpointe seo. Bhain Gaeilge Iorrais amach stádas mar cheanneagraíocht i Márta 2016. Tugadh dhá bhliain do Ghaeilge Iorrais chun taighde cuí a dhéanamh agus plean teanga a réiteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. Ceapadh Ní Dhúda mar chomhairleoir pleanála teanga i mí Dheireadh Fómhair 2016 chun an obair seo a dhéanamh. Cuireadh dréacht de bhearta an phlean teanga faoi bhráid an phobail in Eanáir 2018 agus ceadaíodh an plean teanga i mí Lúnasa 2018.
Seo í an chéad uair go bhfuil rannpháirtíocht leathan agus comhoibriú éifeachtach idir eagraíochtaí agus idir paróistí ar aon choiste amháin agus ar mhaithe le cúrsaí pleanála teanga sa limistéar seo.
Is féidir éisteacht le hagallaimh raidió anseo thíos.
Iris Aniar 25.02.2019
Iris Aniar 31.05.2017
Iris Aniar 15.05.2017
Midwest 01.05.2017
Midwest 10.03.2017
Adhmhaidin 28.02.17
Iris Aniar 27.02.17
Erris FM 10.02.2017
Iris Aniar 09.11.16